For the Public Good
At Central Bank of Ireland, you will get the opportunity to join an organisation at the heart of the economy and financial system, with a focus on doing meaningful work for the public good while striving to have a positive impact on society. Our Graduate Programme develops the future talent and leadership that will allow us to continue to achieve our mandate now and into the future.
When you join our Graduate Programme, your career and development will be our priority.
Over the course of our three-year programme, you'll experience diverse and unique work including contributing to policy development, regulating firms, supervising financial institutions, and supporting data analysis. You'll select one of three specialised streams depending on your interests and career aspirations, and participate in rotations that accelerate your development and enhance your technical and interpersonal skills through meaningful, challenging work.
We know it's our people who make the Central Bank special and we are focused on creating a diverse, inclusive, fulfilling and progressive work environment. We encourage applications from candidates with different backgrounds, experiences and perspectives as it strengthens us, as individuals and as an organisation.
We are committed to positively supporting candidates with disabilities. If we can make any reasonable accommodations for you in the recruitment process, please email our Disability Inclusion Partner, Aobh Kavanagh, at aobh.kavanagh@centralbank.ie . Any information that you provide will be used only for the purposes of providing relevant support and will have no bearing on how your application will be viewed.
Find our more about our Graduate programme 2027.
The closing date is Friday 30 October 2026
Before starting your application, you will be asked to create a profile with us. This will allow you to track and review your application throughout the process. Click "Register" to create a profile and complete the application process.
Once your application has been successfully submitted, you will receive an automatic email from us acknowledging receipt. If you do not receive this auto-acknowledgement, please contact recruitment@centralbank.ie Cuirfear fáilte roimh iarratais i nGaeilge
Is fostóir comhdheiseanna é Banc Ceannais na hÉireann.
Ar son Leas an Phobail
I mBanc Ceannais na hÉireann, beidh an deis agat dul i mbun oibre in eagraíocht atá i gcroílár an gheilleagair agus an chórais airgeadais, ina ndéantar obair thábhachtach ar son leas an phobail, agus ina mbíonn gach iarracht á déanamh tionchar dearfach a imirt ar an tsochaí. Lenár gClár do Chéimithe, forbraítear talainn agus ceannaireacht don todhchaí lenar féidir linn leanúint dár sainordú a chomhlíonadh sa lá atá inniu ann agus amach anseo.
Nuair a ghlacfaidh tú páirt inár gClár do Chéimithe, tabharfaimid tús áite do do ghairm bheatha agus do d’fhorbairt féin.
Le linn an chláir trí bliana seo, beidh an deis agat tabhairt faoi obair ilghnéitheach, éagsúil, lena n-áirítear rannchuidiú le forbairt beartais, rialáil gnólachtaí, maoirseacht ar institiúidí airgeadais, agus tacú le hanailís sonraí. Roghnóidh tú ceann de thrí shruth speisialaithe ag brath ar na hábhair spéise agus na huaillmhianta gairme atá agat, agus glacfaidh tú páirt i gcóras uainíochta chun go mbeidh tú in ann do scileanna teicniúla agus idirphearsanta a fhorbairt agus a fheabhsú trí obair fhiúntach, dhúshlánach.
Tuigimid go maith gurb iad ár mbaill foirne bua an Bhainc Ceannais agus táimid tiomanta d’áit oibre ilchineálach, ionchuimsitheach agus forásach a chruthú. Fáiltímid roimh iarratais ó dhaoine ó chúlraí éagsúla, agus ó dhaoine a bhfuil taithí éagsúil agus dearcthaí éagsúla acu, toisc go neartóidh sé sinn mar dhaoine agus mar eagraíocht.
Táimid tiomanta do thacaíocht dhearfach a thabhairt d’iarrthóirí atá faoi mhíchumas. Más féidir linn aon socruithe réasúnacha a dhéanamh duit le linn an phróisis earcaíochta, déan teagmháil lenár gComhpháirtí um Ionchuimsiú Daoine faoi Mhíchumas, Aobh Kavanagh, ag aobh.kavanagh@centralbank.ie. Ní bhainfear úsáid as aon fhaisnéis a chuirfidh tú ar fáil ach amháin chun tacaíocht chuí a chur ar fáil duit agus ní bheidh aon tionchar aici ar an gcaoi ina mbreathnófar ar d’iarratas.
Tuilleadh eolais faoinár gClár do Chéimithe 2027.
Is é an 30 Deireadh Fómhair an dáta deiridh
Sula gcuireann tú tús le d’iarratas, iarrfar ort próifíl a chruthú. Ar an gcaoi sin, beidh tú in ann d’iarratas a rianú agus a athbhreithniú le linn an phróisis. Cliceáil ar “Clárú” chun próifíl a chruthú agus an próiseas iarratais a chur i gcrích.
A luaithe a bheidh d'iarratas curtha isteach agat, gheobhaidh tú ríomhphost uathoibríoch uainn ina gcuirfear in iúl duit go bhfuarthas an t-iarratas. Mura bhfaighidh tú an uath-admháil seo, déan teagmháil le recruitment@centralbank.ie
Cuirfear fáilte roimh iarratais i nGaeilge
Is fostóir comhdheiseanna é Banc Ceannais na hÉireann.